Níor cheart dearmad a dhéanamh den tsean-am, de na seannósanna agus dár sinsear.
Cuibhreann atá ag a thaobh, deireadh a athair go raibh na sióga ann agus ní ligeadh a athair do na clocha a bhí ann a thógáil, foscadh do na sióga a dúirt sé a bhí ann. Scéal faoi oíche amháin a bhí Seán ag teacht fríd an chuibhrinn ar a rothar agus nuair a bhí sé ag dul thart leis an chreig, chonaic se solas iontach geal, chuir sé eagla air agus chaith sé an rothar uaidh. Rith sé na bhaile agus dúirt a mháthair leis nár cheart do riamh a theacht fríd an chuibhreann sin.
Scéal eile faoi fhir a chuaigh isteach ag baint na creige le meaisín, d’iarr Seán orthu an chreig a fhágáil ach dúirt siad nár chreid siad i bpisreoga. Thit sé tinn ina dhiaidh sin.
Áit eile ar an bhealach amach go Droichead na nDeor, Fairy Glen a thugtar air. Thóg fear lód clocha ag taobh an abhainn ansin, áit a bhí ina fhoscadh ag na leipreacháin. Casadh fear eile air a d’iarr air gan a dhul chóir na gcloch as siocair na leipreacháin a bhí a n-úsáid mar fhoscadh. Níor chreid sé é, thóg sé leis cúpla lód agus chuir i ndúshraith an tí iad. Chonaic Seán é féin an fear ina dhiaidh sin agus bhí craiceann thart ar a shúile tarraingthe síos uilig, bhí cuma iontach air. | 00:09:33 | |